loiscneach: dóite ag an ngriain agus gan mórán uisce le fáil ann dá bharr
coimhthíoch: stróinséir nó duine nach ón áit seo é. Sa chás seo neach ó phlainéad eile atá i gceist
Truailliú: cur isteach ruda in uisce a mhilleann caighdeán an uisce agus úsáid an uisce fá choinne críche ar bith
Imeacht i nDísc: Triomaíonn de réir mar a athraíonn an t-uisce go gal
Ollmhúraíl: Múr trom fearthainne i.s. bleaist mhór báistí
Dlúthaithe: gafa go tréan mar chuid de rud
Ré an Oighir: Ré an-fhuar ina raibh críocha na hÉireann agus cuid mhór den Eoraip ar nós an Artaigh sa lá atá inniu ann. Chríochnaigh Ré an Oighir thart ar 10,000 bliain ó shin anseo in Éirinn.
Tóchar: Stríoca talún atá crochta agus a chuireann bealach taistil ar fáil, trí cheantar fliuch nó riasc ach go háirithe
Galaíonn: Athraíonn go gás i.s. go gal
Síothlaíonn: Ritheann (mar uisce nó leacht ar bith) isteach trí phoill bheaga
Taiscumar: =Umar agus Taisce i.s. áit a chuirtear uisce i dtaisce inti
Timthriail: Camchuairt nó turas a thógann ar ais ag an dtosach tú
Carracán: cnap nó píosa mór
Coscairt: Leá nó claochmú i.s. rud a athrú go leacht nó uisce
Éifeachtach: Deineann sé an jab go maith agus go slachtmhar
Amhuisce: Uisce díreach ón loch nó ón abhainn nach bhfuil athrú nó cóiriú ar bith déanta air
Bitheoga: Aon orgánach a chothaíonn galar sa duine. Tá neart dóibh ann, mar shampla Salmonella, Shigella, Poliovirus, Giardia, Cryptosporidium. Is liosta le háireamh é.
Umar: Dabhach nó soitheach mhór nó teainc.
Cáithníneach: Dríodar ar nós callógaí beaga.
Alúm: AlSO4
Clóirín: Cl2 - Gás is ea clóirín a úsáidtear go forleathan mar díghalróir.
Aibhléis: Leictreachas
Giniúint: Cruthú, nó déanamh as an nua.
Anásta: Ciotach
Lián Bíse: Scriú mór leathan mar a bhíonn ar ineall báid.
Adhmaint: Tá mol thuaidh agus theas (nó dearfach agus diúltach m'ás maith leat) ag adhmaint. Greamaíonn sé de mhiotal ar bith go bhfuil iarann ann.
Dramhaíl: Bruscar nó salachar ar bith a bhfuilimid ag cur de dhroim láimhe.
Múnlach: Cac, scudar agus fual in aon mheascán bhroghach amháin.
Leacht Sadhlais: Mó sa mhó tá feirmeoraí ag déanamh sadhlais thar féar tirim. I ndéanamh sadhlais ní fhágtar an féar ar an dtalamh lena thriomú. Deintear an féar nua-ghearrtha a charnadh i gcnap mór. Sileann go leor leacht amach as de réir mar a sheargann sé.
Séaracht Tís: Is í séaracht tís an leacht salach a scairdtear amach ó thithe. Bíonn séaracht ag go leor monarchna chomh maith, ach cé go bhfuil séaracht tís mar an gcéanna tríd is tríd, braitheann comhdhéanamh shéaracht tionsclaíochta ar an dtáirge atá á sholáthar.
Diúscairt: Scaoileadh nó scairdeadh amach.
Ábhar Orgánach: Ábhar a thagann ó ainmhithe nó plandaí.
Mionalgaí: Is iad algaí ná meascán ilghnéitheach de phlandaí a maireann a bhformhór in uisce. Áirítear feamainn ina measc ach don chuid is mó is plandaí beaga iad nach bhfeictear a ndathúlacht agus éagsúlacht ach le miocrascóp - is iad na mionalgaí seo is treise agus is forleithne.
Cuilleanóg: Screamh nó crústa ar barr uisce.
Ábhar Tocsach: Ábhar a dheineann dochar don chorp trí chur isteach ar an gcóras beatha.
Feithidnimh: Ceimiceach a ndeintear mar nimh do feithidí.
Fiailnimh: Ceimiceach a ndeintear mar nimh do fiailí nó luibheanna.
Pláigh: Galar, nó ainmhí a scaipeann galair go forleathan.
Seadán: Ainmhí a mhaireann ar ainmhí eile agus a ndeineann dochar dó. Dreancaidí agus míolta mar shampla.
Séarachas: Seo an córas nó an gréasán píopaí a sníonn an tséaracht tríd.
Dríodar: Salachar nó láib a chnuasann ar urlár an dabhaigh.
Díleá Bitheolaíoch: Briseadh síos atá i gceist ag díleá, agus os rud é gur bitheoga atá dá dhéanamh, tugtar le fios gur próiséas bitheolaíoch é.
Caolú: Laghdú nó mionú ruda trína mheascadh le rud eile.