Cá bhfuil ár n-Uisce


Is dócha nach dtugaimid mórán airde riamh ar uisce. Ar ndóigh, ní díol spéise é an rud coiteann. Ní hamhlaidh do thíortha eile áfach ina ngoileann ganntanas uisce go mór ar dhaoine. Ina leithéid d'áiteanna loiscneacha is é an t-uisce an chloch is mó ar phaidríní na ndaoine.

Ach cad as a dtagann ár n-uisce uile? Nó b'fhéidir nach í seo an cheist cheart, mar tá scair áirithe uisce againn sa chruinne cheana féin. Os rud é nach féidir linn tuilleadh a chruthú, caithfimid a bhfuil againn a chaomhnú ó thruailliú. Má's ea, cá bhfuil iomlán an uisce seo?

Is éasca cuimhneamh ar fhoinsí áirithe uisce. Tá formhór uisce an domhain (97% go baileach) sna farraigí agus sna haigéin. Is dócha go mbéarfadh coimhthíoch "Plainéad na nUiscí" ar an gcruinne gealghorm s'againne. Ag féachaint anuas dó óna spásarthach d'fheicfeadh sé thart ar trí oiread uisce ná talamh tirim ann.

Tá doimhneacht thar deich gciliméadar sna haigéin in áiteanna, agus toilleadh 1.3 billiún ciliméadar ciúbacha iontu. Dá gcuirfeá iomlán an uisce seo in ollchainéal ciliméadar ar leithead agus ar doimhneacht, thógfadh sé breis is céad fiche bliain ar luasbhád taistil ó cheann ceann, fiú faoi luas fuaime (thart ar 1200 ciliméadar san uair)!

Má fhágann tú sásúr uisce ar leic na fuinneoige go ceann cúpla lá, rachfaidh sé i ndísc, agus, dár ndóigh níos gasta má's gealghrianmhar don aimsir. Is é teas na gréine a dheineann gal den uisce. Tá an ghriain ag téitheadh na n-aigéan i gcónaí agus ag déanamh gaile díobh ar fud an domhain. Murach uisce na n-aibhneacha agus an bháisteach dá líonadh go bruach arís bheifidís imithe i ndísc i bhfad ó shin.

Tá méid mór uisce i láthair sa spéir i riocht gaile ag am ar bith. Dá dtitfeadh an t-iomlán de ar chríocha na hÉireann in aon ollmhúraíl amháin gheobhaimis i bhfoisceacht 16,000 ceintiméadar báistí! Go hiondúil thógfadh sé céad bliain leis an oiread sin báistí a fháil anseo.

Ní fhanann an t-uisce seo sa spéar ró-fhada. Tá sé de shíor ag titim idir bháisteach nó sneachta ar fud na cruinne. Titeann mórchuid de díreach ar ais sna farraigí. I gceantair fhuara is é sneachta is mó a thiteann. I réigiúin fhíorfhuara, mar atá an tArtach ó thuaidh, an tAntartach ó dheas, agus sliabhraonta fairsinge a leithéidí Alasca agus na Hiomalaetha, is féidir le huisce an tsneachta fanúint faoi ghlas sna bratacha oighir agus sna hoighearshrutha leis na mílte bliain.

B'fhéidir go gcuirfidh sé iontas ort a fhoghlaim go bhfuil geall le hiomlán fhíoruisce an domhain dlúthaithe sna meallta móra oighir siúd. Anallód, i rith Ré an Oighir, bhí na bratacha oighir agus na hoighearshrutha níos fairsinge agus níos doimhne fiú ná mar atá sa lá inniu ann.

Tráth dá raibh, bhí mórchuid de chríocha na hÉireann clúdaithe ag bratacha oighir go raibh doimhneacht ciliméadar go leith iontu in áiteanna. Bhí an oiread sin d'uisce an domhain i dtaisce san oighear go raibh na farraigí céad méadar faoi bhruacha an lae inniu, agus bhí tóchair idir Éirinn, an Bhreatain agus Mór Roinn na hEorpa.

Is í fearthainn níos mó ná sneachta a thiteann in Éirinn agus i gcríocha boga dá leithéid. Galaíonn cuid den fhearthainn díreach ar ais don spéir ón talamh agus ó chraicne na bplandaí a dtiteann sí orthu. Sileann cuid di isteach sa chré, áit gur féidir le fréamhacha na bplandaí í a shú isteach. Scaoiltear uisce amach trí na duilleoga arís de réir mar a fhásann na plandaí. Tréghalú a thugtar ar seo. In Éirinn scaoileann galú agus tréghalú níos mó ná a trian d'iomlán na fearthainne a thiteann ar ais díreach ag an spéir.

Síothlaíonn a thuilleadh den uisce atá fágtha sa chré síos go domhain sa talamh agus sna carraigeacha. Is ionann le spúinse mór iad seo a dtéann an t-uisce i dtaisce sna bearnaí cúnga iontu. Uisce talún a thugtar ar an uisce seo, agus cé is moite de na bratacha oighir, is é an taiscumar is mó d'fhíoruisce dá bhfuil againn sa chruinne.

Sníonn cuid eile den bháisteach trasna, nó tríd an gcré go mbaineann sí srutháin, aibhneacha agus lochanna amach. Nuair a chuimhnítear ar chuid de lochanna agus aibhneacha móra an domhain shílfeá go raibh uisce gan teorainn iontu. Ach leis an bhfírinne a rá níl ann ach blúirín fíorbheag (i bhfoisceacht 0.01%) d'uisce iomlán an domhain. Ach de réir mar a fheicfimid, is é seo an t-uisce is tabhachtaí dúinne.

Sníonn an t-uisce sna sruthchúrsaí ar ais ag an bhfarraige gan moill, áit ar thosaíomar ár scéal, le timthriail mór a chríochnú.

Mar sin is iomaí cineál uisce atá ann (mar atá sáile, fíoruisce, uisce talún, gal, sneachta agus oighear), agus is féidir leo athrú ó fhoirm go chéile agus bogadh ó áit go háit. Tugtar Timthriall an Uisce ar an bpróiséas seo.

Anois, scrúdaímid na críocha a n-úsáidtear an t-uisce chucu, agus na leasa a mbaintear as.



Cá bhfuil ár n-Uisce || Uisce len' Ól || Uisce ag Obair || Truailliú || Cóiriú Dramhaíola ||
Tuairimí agus Ceartúcháin ag Antóin Mac An Fhailghigh