Teanga,
a cumadh chun áis a chur ar fáil chun
cumarsáid a dheánamh idir dhaoine ó thírortha éagsúla. É in úsáid
phraiticiúil le os cionn céad bliain,tá an tEsperanto tar éis é féin
a chruthú mar theanga bheo ar féidir gach den smaointeachas daonna a
chur in iúl ann.Idirnáisiúnta
agus neodrach
Ní le haon tír le haon chine ar leith an
tEsperanto. Is le gaoch aon duine é go cothrom a labhoraíonn é, éag
feidhmiúmar dhroichead idir na cultúir.
Tá sé éasca!
Tá struchtúr ag an Esperanto atá simplí, rialta
agus thar a bheith solúbtha, agus foclóir a bhfull cáilíocht
idirnáisiúnta aige. Dá bhrí sin is féidir líofacht a bhant amach i
bhfad níos sciobtha ná mar is féidir in aon teanga eile - ta sé suas
go deich n-uaire níos easca é a fhoghlaim, de réir torthaí staidéar
ealaíochta.
CÉN FÁTH ESPERANTO A
FHOGHLAIM?
Cuir
aithne ar chairde
ar fud an domhain, mar shampla, trí chairde pinn a bheith agat i
dtíortha i bhfad ó gcéin agus ó chultúir eile. Más maith leat
taisteal, tig leat an "Pasporta Servo" a thabhairt leat, a
bhfuil cainteoirí Esperanto i 80 tír liostáilte ann. Is suim leo
lóistín a thabairt duit in aisce agus b'fhéidir freisin go
dtaispeánfaidís duit dá mbaile nó dátír.
Freastal
ar chruinnithe
mar aon le cainteoirí eile Esperanto: i do bhaile nó i do thír féin,
nó go hidirnáisiúnta. Tarlaíonn na cruinnithe, ar nós Comhdháil
Idirnáisiúnta an Esperanto, Comhdháil Idirnáilsiúnta na hÓige agus
cruinnithe eile idirnáisiúnta don óige i dtíortha éagsúla gach
bliain agus is iontach na hocáidí iad do na mílte daoine a ghlacann
páirt iontu.
Foghlaim
faoi chultúir eile
trí mheán atá idirnáisúnta go fírinneach. Tá litríocht fhairsing
ag an Esperanto, idir shaothair aistrithe agus saothair a cumadh san
Esperanto féin, ar iliomad ábhar, agus tá neart treimhseachán agus
craolta raidió ann san Esperanto chomh maith.
CONAS
ESPERANTO A FHOGHLAIM?
Cúrsaí
agus téacsleabhair
atá ar fáil i go leor tíortha agus teangacha. ös rud égo bhfuil an
tEsperanto chomh heasca sin, tig leat é a fhoghlaim leat féin freisin
nó le cúrsa poist atá ar fáil saor in aisce.
Déan
teagmháil
leis an ngrúpa no leis an eagraíocht atá i do
thír féin, nó scríobh chuig Eagraíocht Dhomhanda na nEsperantóirí
Óga (TEJO) a bhfuil baill aige in os cionn 100 tír ar fud an domhain.
Beimid an-sásta cibé cúnamh nó eolas a thabairt duit a dtig linn.
Seolta:
Eire |
TEJO |
Cumann
Óige Esperanto na hÉireann |
Nieuwe Binnenweg 176 |
204
Bóthar Sheanleasa |
NL-3015
BJ Rotterdam |
B.Á.C 9 |
An Ísiltír |
nó greasán: dhealy@vax1.tcd.ie |
|
|